Seo cúpla sampla d’éinne a bheadh a cruinniú paidreacha do aifreann sochraide:

Ar son ár mairbh.

A Thiarna Dia iarraimíd ort na muartha fáilte chun na Flaithis do chuir roim ár gcara _________ inniu.   Táimíd ag tabhairt chun cuimhne chomh maith a (athair _____) agus a (mháthair _______) a ghlaois chughat féin bliannta ó shoin.   Guimíd iad do bheith sonadh sásta le chéile i gcomhluadar na naoimh is na h-aingil ar neamh.

A Thiarna éist linn:

Ar son lucht a dubhróin.

A Thiarna féach go ceannsa ar ____a chéile ina b(h)ris agus orthu san go léir atá faoi bhrón inniu. Tabhair tabhharthas an chreidimh dóibh ionas go mbeidh suaimhneas acu agus iad ag deileáiil le scarúint na gcompánach.

A Thiarna éist linn:

Ar son Dochtuirí is lucht Alltranais.

A Thiarna iarraimíd do bheannacht ar lucht leighis is altrainnis. Féach anuas go háirithe ar foireann iontach Ospidéal an ____________ a thug aire agus cionn do ______ le linn a bheoiteachta. Táimíd buíoch dóibh as ucht a gcuid saothair agus guímíd rath agus misneach orthu agus iad i mbun a gcuraim.

A Thiarna éist linn:

Ar son daoine breoite:

A Thiarna iarraimíd ort tacaíocht agus misneach agus creideamh do bhronadh orthu san atá ag fulaingt nó i bpian inniu.   Go mbronnadh tú faoiseamh orthu agus go

ndeonfaigh tú iad do bheith faoi churam chneasta le linn a dtrioblóidí dhóibh.

A Thiarna éist linn:

Ar son dea chomharsainne.

Faoi scáth a chéile a mhaireann na daoine.   A Thiarna bronn orainn go léir comharsainne fliathúil fial agus bronn orainne na grástaí chun bheith ceannamhail flathúil sinn féin, in ár saoghal laethiúil, leo san uilig a mhaireann timpeal orainn.

A Thiarna éist linn.