Do bunaíodh Acadamh Fódhla sa bhliain 2000 agus táimíd ag feidhmiú agus i mbun oibre sa duthaigh seo ó shoin. Is eagraíocht deonach, carthanach sinn. Sa lá atá inniu ann tá cheithre cinn de dháimheanna bunaithe agus I mbun gnímh. An Dáimh Amhránnaíocht Dúchasach, Dáimh Staire, Dáimh Talamhaíochta agus Dáimh Fuinnimh. Seo dhíbh anois cúntas gairid ar shaothar an Acadamh le hOcht mbliana ar a bhfuil déanta againn, ar ár n’aidhmeanna agus ar ár gcuspóirí. Do bhí sean fhocal sa cheantar seo tamall de bhliaintaibh ó shoin agus cuimhním ar an seanfhocal san I gcomhthéacs na hoibre atá ar siubhal ag an Acadamh. Dob’ é an sean fhocal é ná “Ní tuigtear toradh na faillí riabh in am” Is baolach linne go bhfuil faillí agus dearmad dá dhéanamh in aghaidh an lae ar an saoghal as ar fáscadh ár sinnsear. Saoghal ab ea é seo nár atharaigh mórán in aonchor ós na mean Aoiseanna. Do bhí a gcleachtadh a gcultúr, a ndúchas agus a gcreideamh féin acu chun cothú intinne agus aitheamh aimsire do sholáthar dóibh féin mar fhoiseamh ó bhroid agus ó shaothar an lae. Buadh iontach neamhchoitiannta ab ea é seo. Buadh a chothaigh neamh spleáchas, féin mhuinín agus féith na cruthaíochta, buadh gur deacair dúinne pobal an tsaoghail nua aimsireach seo a thuiscint. Is féidir na daoine seo, ár sinnsear, a mheas óna mbeatha, óna gcleachtadh, óna gcutúr agus óna n’oidhreacht a fhágadar againn agus tá sé mar gheasa orainn tuiscint ar a n’oidhreacht agus an dúchas san a chosaint agus a chur ar fáil. Muna ndéanaimíd san is baolach go bhfaighfear locht orainn mar ní mheann sé brobh cad tá lastiar dínn nó cad tá romhainn I gcomparáid le cad tá ionainn. Sin é an seod go bhfuil an tAcadamh seo ag iarraigh a chosaint agus a fhorbairt. Cuireann an obair seo cuireann sé sinn I dteangabháil le saoghal eile – saoghal simplí neamh urchoideach – an ‘Hidden Ireland” Tugann sé sásamh dúinn gp bhfuilimíd ag seasamh lenár ndúchas agus saoghal san ár sinnsear agus cruthaíónn sé dhúinn go bhfuil rudaí sa tsaoghal seo níos tabhachtaí ná gustal aguis reachmas. Ach an méid sin ráite tá sé tabhachtach an t-eagna agus an saiocht a bhaineann leis an sean shaoghal a úsáid mar shlat agus mar bhachall chun an saoghal nua aimsireach do thiomáint agus do spreagadh. Ní mór dúinn a thuiscint go bhfuil sé deacair san a dhéanamh mar tá saoghal an lae inniu ag atharú ar luach lasarach in aghaidh an lae. Tá fórsaí sa tsaoghal inniu a mhúnlaíonn ár n’aigine agus nósanna ár mbeatha dhúinn ar shlite nách féidir linn easaontú leis na smaointe a cúmtar dúinn ná diutú don caighdeán a bhíonn á leaga os ár gcóir de shíor. Tá meon iasacht ag búgh orainn . brúgh atá ag eirí níois láidre agus níos meaite in aghaidh an lae. Mar dhuine a chonaic agus a mhair trísna atharaithe do-chreidte seo tuigim go maith an dúth shlán atá romhainn ó thaobh caomhnú an cultúir agus na hoidhreachta.
Agus ag smaoineamh ar na hatharaithe seo, creid é nó ná creid do bhios féin cúig bliana déag sar a airíos mo chéad clár radio agus b’é an clár é sin ná cluiche ceannais na hÉ`ireann na bliana 1947 idir Chiarraighe agus an Chabháin a h-imiríodh ins na Polo Grounds i Nua Eabhrach. Ní raibh ach trí chunn de ghluaisteáin i gCúil Aodha an uair úd. Tá dhá chéad acu anois ann. Sa lá atá inniu ann, ní ar an dtalamh amháin a mhaireann muintir na tíre seo ach ar nua theicneolaíocht agus monarcan. Níos cois tinne ag scoraíochta gus ag seanachas a bhíonn daoine anois acj ag féachaint ar theilifís agus ar idirlínn. In ionad comhráite fada ag uachtarlainn, cartain is oifig an phoist airíotar an naucht áitiúl anois ar radio na Gaeltachta. Tá deire tagaithe le comhrá agus seanachas na gcomharsan ag crosbhothaireacha, aonaigh agus tithe scoraíochta. Déantar an comhrá san go lír inniu ar an bhfón soth-ghluaiste. Is é an chúis go luaim na h-atharaithe móra seo, atharaithe a thárla i gcaitheamh mo shaoghail féin ná go dtuigim de thoradh na natharaithe seo an tabhachta agus an riachtanas agus an deithineas a bhaineann le hoibair an Acadaimh agus leis an bplean oibre forleathan atá idir láimhibh againn. Tá sé nádúrtha go mbíonn suim ag daoine ins na glúinnte a tháinig rompu, ar a slí maireachtála, ar a gcaitheamh aimsire agus ar an géarr leanúint a chiap iad ach ní mór do dhream éigin ar nós an Acadamh an teolas seo a bhailiú, a chur ar fáil dóibh agus a chaomhnú agus mura ndeintear san gan mhaoill beidh an teolas agus an eagna luachmhar san, beidh sé caillte go deo.
Seo dhíbh anois, cúntas gairid ar shaothar an Acadaimh le h-ocht mbliana, ar a bhfuil déanata againn, ar ár n’aidhmeanna, agus ár gcuspóirí. Do bunaíodh an Dáimh Amhránnaíochta ocht mbliana ó shoin agus tá árd obair déanta acu ó shoin. Tá leabhar amháin de amhráin dhúchasacha Mhúscraighe foilsithe acu agus tá dhá leabhar eile ar tí a bheith foilsithe go lua. Chomh maith le sin, tá trí chínn de dhlúth dhiosca foilsithe acu mar laennas Uimh.1 Caoine Airt Uí Laoighre, Uimh.2 Amhráin Mháire Ní Cheocháin, Uimh 3 Amhráin Sheáin Uí Shé agus Peadar Ó Riada = “Ó Chúm Thóla go Cúil Aodha. Tá ceire chinn eile á n’ullamú le foilsiú go luath. Ceann de shaothar Pheataí Thadhg Pheig Ó Tuama, Ceann de amhráin Danny Maidhcí Ó Suilleabháín agus an dara iarracht Ó Chúm Thóla go Cúil Aodha mar aon le saothar eile “Laoi na Laoithe” le Cór Ban Chúíl Aodha. Tá dhá cheardlann tabhachtacha idirnaisiúnta tionnsnaithe acu idir ghael Éire agus Alaban. Ceann acu sa bhliain 2005, an ceann eile acu sa bhlian 2008, chun ríomh do dhéanamh ar shan nós na hÉireann is Alaban agus ar foinsí an tsean-nóis san sa dá thír. Tá ana thaighde déanta acu ar na hamhráin dhúchasacha agus glaodhan úghdair ceoil chuchu go minic is go riialta. Tuigfidh sibh mar sin go bhfuil sár-obair á dhéanamh ag an nDáimh Amhránnaíochta seo.
An Dáimh Staire.
Tá an Dáimhstaire i mbun gnímh anois le ceithre mbliana, agus tá ana chuid oibre agus taighde déanta aca, ní h-amháin ar an stair áitiúil ach ar an stair náisiúnta chomh maith.Tá tuairim is 500 uair a chloig de stair seanachas, curtha ar téip aca sa tréimhse ama san. Mar shampla tá eolas bailithe againn ar an seandálaíócht agus an seanachas áitiúil, ar na filí móra, Muintir Iarflaithe, Cogadh na Talamhan, Cogadh na Saoirse, ar an nGorta Mór I Múscraíghe, ar úghdair Bhaile Mhuirne, ar shaoghal agus ar mhór shaothar an t-Ath Peadar Ó Laoighre agus an Dochtúir Dómhnal Uí Loinsigh. I láthair na huaire tá taighde á dhéanamh againn ar sheana reilig Ghobnatan, i mBaile Mhuirne, Reilig go bhfuil muintir na paróiste seo á gcur ann le cúpla míle bliain. (1700 – 1800 bliain)
an Dáimh Talamhaíúochta
Tá an Tríú dáimh – an Dáimh Talamhaíochta bunaithe le cúpla bliain agus sa tréimhse gairid ama san tá feachtas bailithe eolais faoi staid an nádúir agus an dulra I gceantar Mhúscraighe tosnaithe acu agus dála an scéil táimíd buídheach do bhunscoileanna Mhúscraighe de bharr páirt a ghlacadh sa bhfeachtas agus as ucht a gcúnamh agus a gcomh oibriú.
Téann an dáimh seo ar thurasanna eolais agus fiosraithe, go háirithe ar láithaireacdha seandálaíochta agus dálta an sgéil, tá tionsgnamh neamh choitiannta ar siul acu I láthair na huaire. D’fhéadfá saotharlann dríogaireachta a thabhairt air. Still nó cró poitín atá I gceist agam. Tá siad ar thóir an fhoirmle draiochtúil, chun an seana dheoch gaolach a bhí coitiannta ins na mean aoiseanna, Míodh nó Mead, a dhéanamh, Tá súil againn go mbeidh toradh dearbha ar an dtionsgnamh seo..
An Dáimh Fuinnimh.
Do bunnaiodh an Dáimh Fuinnimh cúpla mí ó shoin agus cheanna féin, ta mór shaothar ar siúl aca, dírithe ar lorg carbónach (Carbon footprint) de gach duine, agus gach gné de shaol Mhúscraí, agus dírithe chomh maith ar áireamh fuinnimh na duithighe seo.
Suíonn gach dáimh idir dhá agus trí uair a chloig gach seachtain. Tuairim trí chéad dachad uair in aghaidh na bliana ach gan dabht ni áiríonn sé sin an saothar a dheineann gach ball in am féinig. Obair thaithneamhach cuideachtúil, shásúil dúinn í seo.
Tá tuairim is ceithre chéad uair a chloig de stair agus de sheanachas curtha ar théap ag an nDáimh Staire amhaín le cheithre mbliaina agus tá ar a laghad a dhá oiread eile curtha ar dhioscaí ag an nDáimh amhránnaiochta agus an Dáimh Talamhaíochta. Tiuiarim agus míle uair a chloig ar fad. Tuigfigh sibh tá súil agam gur eagraíocht fíor ghnóthach é an t-Acadamh. Tá toil dheonach, aidhm dhúchasach agus fiontas dearfa le fiscint lena gcuid oibre agus táimíd fíor bhuíoch do Údarás na Gaeltachta agus ealaíon na Gaeltachata as ucht a gcúnamh agus ag comhoibriú go dtí seo agus tá áthas oriann go bhfui, siad páirteach inár dteannta i bpleanáil do ‘sna forbairtí atá riachtanach don Acadamh san am atá romhainn.
An Dáimh amhránnaíocht Dhúchasach.
Amhránaíocht Dúchasach:
Mise scoláire léinn is eagna
Sean-nós mo shlí
Is í an ceol mo bhachall
Is é an mheadaracht mo shlat
Gach Focal ‘na choiligh sheasamh.
Gach scéal go h-eiribeal siar.
Mór mo ghrádha do nithe ársa
Árd mo mheas ar aois agus críonnacht
Géar mo radharc ar sruth an ama.
Mín mo mheilt ar nithe nua
Dia im chumadach faoi bhrat na fírinne
Umhal mo mhian faoi smacht mo chéird is dámh